Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Fuair sí an chéad phost in scoil i bhFánaid – scoil aon oide agus 28 scolaire a bhí ann. Chaith sí cúpla bliain ag teagasc ansin agus fuair sí scoil ansin i nDuibhleann Riach (scoil Gaeltachta) sa bhaile agus chaith sí blianta fada ag teagasc ansin. Rinne sí an teagasc tré mheán na Gaeilge sa scoil sin. | 00:03:11 | |
Chaill sí cúpla bliain as an mhúinteoireacht mar go raibh tinnis sa teaghlach agus d’oibrigh sí sa tsiopa sa bhaile ar feadh cúpla bliain. Ansin phill sí go Baile Átha Cliath ag teagasc i scoil i Ráth Cúil. Chaith sí 17 bliana ag teagasc ansin agus mheas í go raibh rudaí ag éirigh garbh agus gur mhaith léi an baile a bhaint amach. | 00:02:33 | |
Ar scoil an Ghlasáin ar an Chraoslach a chaith sí na blianta deireanach ag teagasc agus ba scoil Gaeilge a bhí ann fosta, bhí 10% níos airde de phá le fáil ag múinteoir a bhí ag teagasc in scoil Gaeltachta. | 00:01:26 | |